Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Iascaireacht an slí beatha a bhí ar an oileán nuair a bhí sé óg. Báid na mBradán is mó a bhí ann, bhíodh siad amuigh san oíche cuid mhór. Thosaigh sé nuair a bhí sé thart ar 18 bliana d’aois agus lean sé ar aghaidh le sin go dtí 1997. Ní raibh luach ar bith ar na bradáin agus ansin cailleadh a mbád a bhí ar ancaire istigh ar an oileán acu le linn stoirme. Cúpla bád eile a cailleadh fosta.
As Bun an Phobail a tháinig an chéad bhád a bhí Pádraig air, 1953. Bhí na bradáin breá fairsing san am sin. Cur síos maith aige ar seo. Bhí siad a ndíol le fear darbh ainm Francie Roarty agus ansin bhí siad ag gabháil go Ailt an Chorráin. | 00:09:14 | |
Iascaireacht scadán. I ndiaidh am an chogaidh a thosaigh seo i mbá Mhachaire Uí Rabhartaigh, tháinig báid as Toraigh, Árainn Mór agus as Dún Cionnaola. Ní raibh Pádraig é féin ag iascaireacht san am sin, ina dhiaidh sin a fuair sé cúpla lucht scadán i Machaire Uí Rabhartaigh. I bPort na Bláiche a rinne sé cuid mhór dena chuid iascaireachta. | 00:01:25 | |
An iascaireacht agus na báid. Ní raibh moll acu ábalta snámh ach bhí múinín mhaith aige sa bhád a bhí leo. Iascaireacht an scadáin, tá an scadán uasal. | 00:05:35 | |
Potaí Gliomach- an dóigh a bhí ag na iascairí le marc a choinneáil. | 00:02:51 | |
Scadán caoch – scadán agus cúpla préata agus braon uisce.
Tomhais: Scadán go leith ar phingin go leith – cé mhéid a bheadh dosaen? | 00:02:05 | |